Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannacha

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 September 2023

Wednesday, 20 September 2023

Questions (394, 395, 396)

Éamon Ó Cuív

Question:

394. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad teaghlach atá fós ag fanacht ar íocaíochtaí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do chúrsa a ritheadh i rith an tsamhraidh: an méid airgid atá i gceist san iomlán, an spriocdháta faoina n-íocfar le gach duine íoctha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40432/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

395. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a thabharfar íocaíocht do theaghlaigh a choinnigh scoláirí ar chúrsa Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i rith an tsamhraidh (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40433/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

396. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a thabharfar íocaíocht do theaghlaigh a choinnigh scoláirí ar chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i rith an tsamhraidh (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40434/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 394, 395 and 396 together.

Táthar ag tógáil an trí cheist 40432, 40433 agus 40434 le chéile.

Tá measúnú déanta ar 60% de na héilimh íocaíochtaí atá faighte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge i mo Roinn ó na Coláistí Gaeilge i leith na cúrsaí samhradh agus tá siad seolta ar aghaidh chuig Rannóg Airgeadais de chuid na Roinne le híoc. Tá íocaíochtaí i leith roinnt mhaith de na héilimh sin déanta cheana féin agus tá an rannóg ag obair ar an 30% eile de na héilimh íocaíochtaí atá faighte faoi láthair.

Ar mhaithe le moill a sheachaint, tá breis acmhainní foirne curtha isteach i Rannóg na gColáistí Gaeilge faoi láthair chun cúnamh a thabhairt leis an próiséas seo. Táthar ag súil go mbeidh fuíolleach na n-éileamh próiseáilte go luath.

Níl figiúirí i leith líon na dteaghlach ná an tsuim airgid atá fós le híoc ar fáil don Roinn ag an tráth seo. Ba chóir dom an Teachta a chur ar an eolas go bhfuil an ráta ag a n-íoctar na teaghlaigh ag brath ar nithe éagsúla ar a n-áirítear éilimh bailí a bheith faighte go pras ó na coláistí féin.

Question No. 395 answered with Question No. 394.
Question No. 396 answered with Question No. 394.
Top
Share