Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 September 2023

Thursday, 28 September 2023

Questions (186)

Mairéad Farrell

Question:

186. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le ceist 74 ar an 21 Feabhra 2023, an bhfuil dáta ar fáil don athrú ar na cuaillí a bhí geallta laistigh den bhliain ag na Pointí Grianghrafadóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin (details supplied); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41954/23]

View answer

Written answers

Tá ról mo Roinne maidir le turasóireacht suite go príomha i réimse an bheartais náisiúnta turasóireachta agus is ceist do na gníomhaireachtaí turasóireachta, d’Fháilte Éireann agus do Thurasóireacht Éireann, chomh maith le comhlachtaí áirithe eile, é cur i bhfeidhm an bheartais sin. 

Is ábhar oibriúcháin do Fháilte Éireann an cheist a ardaíodh. Dá réir sin, chuir mé an cheist seo orthu le freagairt dhíreach a sheoladh chuig an Teachta. Cuir in iúl do m’oifig phríobháideach le do thoil mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 51
Top
Share