Is ar chrann gach údaráis áitiúil a thiteann an fhreagracht reachtúil as feabhsú agus cothabháil na mbóithre réigiúnacha agus áitiúla i gcomhréir le forálacha Alt 13 d’Acht na mBóithre, 1993. Maoinítear oibreacha ar na bóithre sin ó acmhainní na n-údarás áitiúil féin, arna bhforlíonadh ag deontais bhóthair ón Stát. Is faoin údarás áitiúil a bhíonn sé na hoibreacha atá le maoiniú a roghnú agus a chur in ord tosaíochta.
Aon tionscadail feabhsaithe bóthair a molann údarás áitiúil iad lena mbreithniú faoi Chlár na nDeontas Sonrach, déanann an Roinn iad a mheas cás ar chás. Ní mór do gach tionscadal a chuireann údarás áitiúil chun cinn lena bhreithniú a bheith i gcomhréir le ceanglais an Chóid Caiteachais Phoiblí, chomh maith le ceanglais Chreat Measúnaithe Iompair mo Roinne. Toisc nach mbíonn fáil ach ar mhéid teoranta maoinithe le haghaidh oibreacha feabhsaithe ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla, tá sé tábhachtach d’údaráis áitiúla tosaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann faoina réimse foriomlán freagrachta agus na ceanglais sin a choinneáil i gcuimhne.
Tá iarratas ar Dheontas Sonrach faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Contae na Gaillimhe a bhaineann le hoibreacha chun an bóthar ag Cuan na Loinge a ardú. Déanfar an t-iarratas sin a mheas mar chuid de phróiseas measúnaithe deontas 2024, tráth a gcuirfear sa mheá aon tionscadail iomaíocha agus an buiséad atá ar fáil.