Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 October 2023

Thursday, 12 October 2023

Questions (50)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

50. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le comhráite idir a Roinn agus an feachtas ar son pacáistiú dátheangach sna siopaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44318/23]

View answer

Written answers

De ghnáth is faoi shainchúram na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thagann an fhreagracht as pacáistiú dátheangach.

Tá tiomantas i Straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030 scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cód deonach a thabhairt isteach maidir le lipéadú agus pacáistiú dátheangach na n-earraí go léir a dhíoltar in Éirinn, mar bhealach chun forbairt a dhéanamh ar an raon réimsí atá ar fáil chun go bhféadfaidh daoine an Ghaeilge a roghnú mar theanga malairte.

Tá beart leagtha síos sa Straitéis seo go ndéanfaidh Foras na Gaeilge, trína chlár ‘Gnó Means Business’, raon leathan tionscnamh a sheachadadh chun tacú le húsáid na Gaeilge sa saol gnó agus eacnamaíoch. Tá dhá leabhrán foilsithe ag Foras na Gaeilge a thugann treoir phraiticiúil don earnáil ghnó ar úsáid an dátheangachais: ‘Comharthaíocht Dhátheangach’ agus ‘Pacáistiú Dátheangach’.

Ba cheart ceisteanna breise maidir leis an straitéis ghinearálta faoi chur chun cinn na teanga agus faoin cód deonach a dhíriú ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Bilingual packaging

Top
Share