Éamon Ó Cuív
Question:296. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán céard iad na riachtanais bhreise ó thaobh saoráidí tithíochta a gcaithfear cloí leo sa bhreis ar na rialacha tógála le bheith cáilithe chun scoláirí a choinneáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45261/23]
View answer