Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (208)

Mairéad Farrell

Question:

208. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é suim an deontais reáchtála a ceadaíodh do gach comharchumann agus gach comhlacht pobalbhunaithe Gaeltachta sa bhliain 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45969/23]

View answer

Written answers

Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuair 33 eagras forbartha Gaeltachta, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe maoiniú reáchtála in 2023. Íoctar deontas reáchtála leis na heagrais phobail chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme. 

Tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh forbartha idir lámha ag na heagrais forbartha, agus cur chuige níos straitéisí lena gcuid oibre ag teacht le bunú an Aonaid Forbartha Pobail in Údarás na Gaeltachta. D’eascair bunú go leor de na heagrais forbartha as easpa infreastruchtúir agus seirbhísí áitiúla sa phobal. Tá na heagrais dírithe anois ar fhreastal ar infreastruchtúr nua-aimseartha ar nós áiseanna do chúram leanaí, páirceanna spraoi, ionaid teacht le chéile don óige, ionaid lae don aosach, caighdeán maith leathanbhanda, ionaid acmhainní don phobal, tionscnaimh fuinneamh inathnuaite agus infreastruchtúr eile atá in easnamh sa phobal.  

Mar is eol don Teach, tá ról lárnach ag na heagrais forbartha maidir le feidhmiú na bpleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga ina gceantair éagsúla. Tá agus beidh ról lárnach acu chomh maith maidir le forbairt ghréasán gteic agus ag cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus táthar ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn in earnáil an fhuinnimh inathnuaite trí na cláir éagsúla, i measc tosaíochtaí eile. 

Tá ráite ag an Údarás go bhfuil fostaíocht suntasach cruthaithe ag na heagrais phobail ó bunaíodh iad agus go bhfuil gníomhaíochtaí breise glactha ar láimh ag roinnt mhaith acu le roinnt blianta anuas. Tá go leor acu ag plé le scéimeanna fostaíochta pobail agus tá f22 eagras freagrach as pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú le 18 eagras a bhfuil nó an mbeidh forbairt ar aonaid gteic faoina gcúram. 

Mar a thuigim, de réir an tsuirbhé deiridh a rinneadh i measc na heagrais forbartha, tá 67 duine fostaithe ar bhunús lánaimseartha, 54 páirtaimseartha agus 88 go séasúrach. 

Tá sé le nótáil go bhfuil ciste breise aon-uaire de €253,175 le cur ar fáil in 2023 do na n-eagrais forbartha pobail chun tacú leo tús a chur le feidhmiú a gcuid pleananna nuafhorbartha cúig bliana.

Freisin, nótáiltear go gcuirtear maoiniú ar fáil do dhá eagraíocht forbartha pobail Gaeltachta faoin gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP). Is iad sin Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall. Cuireadh €81,625 ar fáil don dá eagraíocht do 2023. 

Is é seo a leanas liosta de na deontais reáchtála atá ceadaithe do na heagrais éagsúla i 2023:

Eagras Pobail

Soláthar 2023

Dún na nGall

 

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

€143,850

Comharchumann Thoraí Teo

€141,750

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.

€106,050

Comharchumann na nOileán Beag Teo.

€54,600

Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille CTR

€80,850

Céim Aniar CTR

€86,100

Pobal Eascarrach CTR

€82,950

Forbairt Eachla CTR

€60,000

Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR

€52,500

Maigh Eo

 

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla CTR

€103,425

Comhar Dún Chaocháin Teo

€70,350

Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo.

€96,600

Coiste Cultúr Teanga & Forbartha T.M.E Teo

€85,050

Gaillimh

 

Comhar Caomhán Teo.

€142,800

Comharchumann Forbartha Árann Teo.

€159,600

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.

€99,750

Comharchumann Shailearna Teo.

€101,850

Comhairle Ceantar na nOileán CTR

€102,900

Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo

€52,500

Forbairt Chonamara Láir Teo

€106,050

Comharchumann Mhic Dara Teo.

€112,350

Comhlacht Forbartha An Spidéil CTR

€72,150

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn CTR

€66,150

Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR

€142,800

Comhar Chuigéil (Leitir Mealláin) Teo

€79,800

An Mhí

 

Comharchumann Ráth Chairn Teo.

€102,900

Ciarraí

 

Comharchumann Forbartha Léith Triúigh Teo.

€95,550

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

€123,900

Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR

€96,600

Forbairt na Dromada Teo.

€85,050

Corcaigh & Port Láirge

 

Comharchumann Chléire Teo.

€148,050

Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.

€97,650

Comhlucht Forbartha na Déise CTR

€103,100

 

Top
Share