Tar éis don Rialtas Scéim Ghinearálta agus Cinn an Bhille um Údaras na Gaeltachta (Leasú) a fhoilsiú i Nollaig 2022, seoladh an Scéim Ghinearálta agus Cinn an Bhille chuig an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh grinnscrúdaithe réamhreachtaigh ar 2ú Feabhra 2023.
D’fhoilsigh an Comhchoiste a thuarascáil maidir leis an ghrinnscrúdú réamhreachtach tar éis dó í a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais in Iúil 2024. Tá fiche dó moladh sa tuarascáil agus tá siad á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair.
Táthar fós ag súil leis na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil i Meitheamh 2024.