Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (391)

Éamon Ó Cuív

Question:

391. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén uair a cheadófar deontas, mar atá iarrtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe le staidéar a dhéanamh ar na féidireachtaí cur le na saoráidí calaíochta ag Céibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin; an fáth go bhfuil moil ag ceadú an staidéir seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45958/23]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as forbairt céanna ar na hOileáin Árainn, Inis Meáin san áireamh.   Bíonn cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh na Roinne agus an Chomhairle Contae chun plé agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt céanna ar Inis Oírr agus Inis Meáin.

Tuigtear dom go bhfuil oifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag ullmhú na cáipéisí riachtanacha chun comhairleoirí a cheapadh chun cuidiú le Réamhchás Gnó a ullmhú. Is gá seo a dhéanamh i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí chun breathnú ar gach aon rogha a d’fhéadfadh a bheith ann chun áiseanna sábháilte cuain a chur ar fáil ar Inis Meáin.

Pléadh na dréacht-cháipéisí ag cruinniú idir mo Roinn agus an Chomhairle Contae an tseachtain seo, agus tuigtear dom go bhfuil tuilleadh oibre fós le déanamh orthu sular féidir tairiscintí a lorg.

Is fiú a nótáil nach bhfuil aon deontas iarrtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe i leith na hoibre seo agus nach bhféadfaí a leithéid a iarradh ná a cheadú nó go mbeidh an próiseas tairsceana curtha i gcrích agus comhairleoirí réidh le ceapadh.

Is féidir a bheith cinnte nach gcuirfidh mo Roinn aon mhoill ar an bpróiseas ach na céimeanna cuí bheith glactha ag an gComhairle Contae ar dtús.  Leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe ar mhaithe leis an bpróiseas sin a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir. 

Top
Share