Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (5)

Catherine Connolly

Question:

5. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceisteanna Parlaiminte Uimhreacha 67 den 13 Iúil agus 385 den 20 Meán Fómhair, soiléiriú a thabhairt ar an athbhreithniú atá faoi chaibidil ag Údarás na Gaeltachta faoin bpunann iomlán maoine atá aige agus faoi na féidearthachtaí forbartha atá ann; an bhfuil an taighde críochnaithe; soiléiriú a thabhairt ar an bplean ag eascairt as an taighde sin agus ar na hacmhainní airgeadais a bheidh ag teastáil chun an plean a chur i gcrích; soiléiriú a thabhairt ar shonraí na teagmhála a bhí ag an Aire leis an Údarás maidir leis na hábhair sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45986/23]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirithe leis an athbhreithniú atá faoi chaibidil aige maidir leis na foirgnimh, na suíomhanna agus an talamh atá i seilbh an údaráis. Cá bhfuil an t-athbhreithniú sin? Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ó thaobh na hathbhreithnithe agus ó thaobh aon phlean atá beartaithe maidir leis an taighde sin. Freisin, rud atá an-tábhachtach, luaim na hacmhainní a bheidh ag teastáil chun aon phlean a chur i gcrích.

Tuigim go bhfuil athbhreithniú Údaráis na Gaeltachta ar phunann maoine na heagraíochta críochnaithe anois. Le linn an athbhreithnithe, rinneadh taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcontae Gaeltachta agus tá cainteanna ar bun anois ar bhonn leanúnach leis na cliantchomhlachtaí atá ina dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spáis tráchtála nó spás níos mó a thógáil ar cíos.

Níos minice ná a mhalairt bíonn obair le déanamh ar fhoirgnimh mar chéad chéim do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag bord an údaráis. Bíonn iarratais ar allúntais caipitil ag dul os comhair an bhoird ar bhonn leanúnach agus ceadaítear tograí agus maoiniú ina leith de réir a chéile agus ar bhonn riachtanas. Mar is eol don Teachta Connolly, mar shampla, fógraíodh 100 post i monarchan theic-leighis Freudenberg ar an 2 Deireadh Fómhair sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Bíonn saolré fada i gceist lena leithéid de fhógra ar mhaithe le foirgneamh ar an gcaighdeán cuí a fhorbairt a mheallfaidh rólanna ar ardchaighdeán chun na Gaeltachta i bhfianaise géar-iomaíochta d'infheistíocht dá leithéid.

Tá ráite ag an údarás go bhfuil próiseas inmheánach pleanála ag teacht chun críche a bheidh mar bhunchloch d'fhorbairtí nua a bheidh ag dul os comhair bhoird na heagraíochta le hallúntais caipitil a cheadú do thograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt bliana. Mar a thuigim ón údarás, tá teagmháil leanúnach ar bun le cliaint reatha, cliaint nua, údaráis áitiúla agus soláthróirí seirbhisí. Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an próisis pleanála agus aon chomhairliúcháin poiblí a bhaineann leis an bpróiséas sin.

Tá neart istigh sa fhreagra sin. Mar sin beidh orm é a léamh go cruinn. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an taighde críochnaithe agus is dea-scéal é sin.

Tá a lán ceisteanna curtha agam agus freagraí faighte. Is rud maith é. Is buntáiste é go bhfuil réimse leathan foirgnimh, talún, agus suíomhanna i seilbh an údaráis a bhuí don obair a rinne sé agus Gaeltarra rompu. An rud a chuireann isteach orm ná go bhfuil na suíomhanna agus na monarchana folamh le tréimhse fhada anuas. Tá an taighde críochnaithe. Níor chuala mé aon fhocal maidir le plean a bheith ag eascairt as an taighde sin, go háirid ó thaobh úsáidí eile don talamh ar son foirgnimh agus suíomhanna agus le dul i dtreo, mar shampla, cúrsaí tithíochta. Tá an téama céanna tagtha aníos go mion minic ó thaobh géarchéim na tithíochta atá ar fud na Gaeltachta uilig. Cén soiléiriú gur féidir leis an Aire Stáit a thabhairt dom maidir le húsáid difriúla talún a chur chun cinn?

Tuigim tuairimí an Teachta ar an ábhar sin. Tá na tuairimí céanna aici maidir leis an eagraíocht eile atá faoi mo chúram, sé sin, Oifig na nOibreacha Poiblí. Maidir leis an taighde agus cad atá i gceist ag an údarás a dhéanamh faoi láthair, úsáidtear maoiniú an údaráis ar mhaithe le cuspóirí na heagraíochta mar atá sonraithe sa phlean straitéise 2021 go 2025 a chur i gcrích chun leas pobal na Gaeltachta. Tá an taighde seo mar ghné tábhachtach don anailís criticiúil gur gá a dhéanamh go tráth rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na maoine ag sásamh na cuspóirí straitéiseacha. Beidh an t-údarás ag baint úsáid as an taighde sin go luath.

Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an taighde. Tá sé críochnaithe agus mar a dúirt mé is dea-scéala é sin. An cheist anois ná cén plean atá ann le dul i ngleic leis na foirgnimh atá folamh agus an talamh áit nach bhfuil aon fhorbairt agus mar sin. Tugaim moladh i gcónaí don údarás. Gan é, bheadh an ghéarchéim i bhfad níos measa. Tá féidearthachtaí anseo. Céim a haon ná an taighde a dhéanamh agus a bheidh ionraic ó thaobh stádas na punainne maoinithe seo. Anois an t-am do phlean. Níos tábhachtaí ná sin ná oibriú amach an féidir na suíomhanna a úsáid ó thaobh cúrsaí tithíochta de. Cén taighde atá déanta air sin agus cá bhfuil na treoracha pleanála do na Gaeltachtaí?

Is ceisteanna iad sin do bhord an Údaráis féin. Rinne mé dearmad mo bhuíochas a ghabháil agus rath a ghuí ar na baill atá ceaptha ar bhord an údaráis le déanaí. Is iad sin: Máire Áine Uí Ailín, Sonya Uí Shíoda, Caitlín Ní Bhroin, Mícheál Ó Drisleáin, Seán Ó Cuirreáin, agus cathaoirleach an bhoird, Mary Uí Chadhain. Tá súil agam go mbeidh mé in ann buaileadh le baill an bhoird go luath agus na ceisteanna atá ag an Teachta Connolly a chur ós comhair an bhoird. B'fhéidir go mbeidh díospóireacht againn maidir leis an taighde atá críochnaithe acu agus ar na ceisteanna atá ag an Teachta. Ní aon amhras orm ach go bhfuil na ceisteanna sin an-tábhachtach do phobal na Gaeltachta agus b'fhéidir go mbeidh seans agam filleadh ar an Teach nuair atá an cruinniú sin leis an mbord críochnaithe.

Top
Share