Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (58)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

58. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtacaíonn sí leis an bPlean Fáis atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45590/23]

View answer

Written answers

Tuigim go bhfuil plean fáis uailmhianach seolta ag Conradh na Gaeilge le súil maoiniú agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a mhéadú – agus labhairt na teanga a chur chun cinn dá réir – idir 2024 agus 2029.

Tá an plean feicthe ag feidhmeannaigh mo Roinne agus á bhreithniú faoi láthair acu.

Ó bhliain go bliain, leanann mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil faoi na cláir Ghaeilge agus Ghaeltachta ar leas foriomlán na teanga agus an phobail.

Mar is eol don Teachta, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas seo sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas.

D'éirigh linn méadú 4% a fháil ar mhaoiniú d’earnáil na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, arb ionann le €4.2m de mhaoiniú breise agus leithdháileadh iomlán de €100m don bhliain 2024. 

San ardú seo, tá €500,000 curtha ar fáil le tacú le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, mar aon le €500,000 eile atá curtha ar fáil mar thacaíocht do scéimeanna um chuimsiú sóisialta a chuirfidh leis an gcuimsiú, leis an éagsúlacht agus leis an inrochtaineacht ó thaobh na gcoláistí samhraidh de do 2024.

Tá maoiniú freisin i mbliana i mBuiséad mo Roinne a thacóidh le tús a chur le spriocanna de chuid na Straitéise do na hEalaíona Teangabhunaithe a bhaint amach le linn 2024.

Chomh maith leis an infheistíocht seo, beifear ag súil scéim nua a fhógairt le linn 2024 a thacóidh le múinteoirí agus oideachasóirí luathbhlianta barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Is mian liom tagairt freisin a dhéanamh den infheistíocht shuntasach atá déanta ag an Rialtas seo in TG4 le cúpla bliain anuas, agus €4.8m breise arís do 2024.  

Tá bonnchloch maith ag mo Roinn agus muid ag tabhairt faoi chur chun cinn, faoi fhorbairt agus faoi bhuanú na Gaeilge ar fud an oileáin an bhliain seo chugainn.

Top
Share