Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 October 2023

Thursday, 19 October 2023

Questions (93)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

93. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an bhfuil sé i gceist aige straitéis a fhorbairt, nó an cás reatha a fhiosrú, maidir le soláthar cúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45593/23]

View answer

Written answers

Tá ról ríthábhachtach ag an gcóras ardoideachais i gcur chun cinn na Gaeilge, le raon leathan cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge.

Léiríonn staitisticí tuairisceáin an HEA don bhliain acadúil seo caite 97 cúrsa a thairgeann Gaeilge mar mhórábhar nó mar mhionábhar, lena n-áirítear iad siúd a mhúintear trí mheán na Gaeilge, le 2,140 cláraithe. Go deimhin, b’fhéidir nach gcuimsítear an soláthar seo ar fad.

Chuir mé forálacha sonracha san áireamh san Acht an Údaráis um Ard-Oideachas le déanaí mar aitheantas ar phríomhról an chórais i leith na Gaeilge. Mar institiúidí uathrialacha a bhfuil saoirse acadúil acu, tá gach Institiúid Ardoideachais freagrach as a straitéis Ghaeilge, lena n-áirítear leathnú agus teagasc na gclár trí Ghaeilge laistigh den chomhthéacs reachtúil iomlán seo.

Cuirtear tacaíocht ar leith ar fáil tríd an HEA chun cur le forbairt na gaelscolaíochta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, atá comhchistithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. 

Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a chinntiú go mbíonn fáil ar dhaoine cáilithe le scileanna Gaeilge chun freastal ar riachtanais earcaíochta in Éirinn agus san AE. Faoin scéim seo, cuirtear maoiniú ar fáil do raon sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal i réimsí ar nós an aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí. 

Ina theannta sin, d’oibrigh an tÚdarás um Ard-Oideachas le hAontas na Mac Léinn in Éirinn chun úsáid na Gaeilge in Institiúidí Ardoideachais a chur chun cinn agus a mhéadú. Tá maoiniú de €150,000 ar feadh tréimhse trí bliana tacaithe aige seo. 

I mBreisoideachas agus Oiliúint, breithníonn gach Bord Oideachais agus Oiliúna na tacaíochtaí atá ag teastáil do cheantair Ghaeltachta, agus cén soláthar trí Ghaeilge atá oiriúnach don riachtanas áitiúil. Cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil go príomha i réimsí oideachas pobail agus litearthacht aosach. Tá BOOanna freagrach as a soláthar a struchtúrú i dtéarmaí éileamh agus riachtanas foghlaimeoirí, de réir tosaíochtaí scileanna áitiúla agus náisiúnta. 

Top
Share