Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 November 2023

Tuesday, 7 November 2023

Questions (261)

Éamon Ó Cuív

Question:

261. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair cén uair a chuirfear tuilleadh seirbhísí bus, mar a gealladh i ráiteas a rinneadh faoi Connecting Ireland idir Gaillimh agus an Cheathrú, Leitir Mealláin agus Carna, agus á chur i gcuntas go mbíonn na busanna lán, mar a bhíonn siad go minic, agus go mbíonn orthu paisinéirí a fhágáil ina ndiaidh, an fáth go bhfuil moill leis sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48277/23]

View answer

Written answers

Mar Aire Iompair, táim freagrach as an bpolasaí agus as an maoiniú foriomlán a bhaineann l’iompar poiblí.

Tá freagracht reachtúil ar an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) as soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a chinntiú go náisiúnta. Tá freagracht náisiúnta ar an NTA freisin as iompar comhtháite áitiúil agus tuaithe, lena n-áirítear seirbhísí Nasc Áitiúil TFI agus feidhmiú céimneach na seirbhísí faoin bPlean Soghluaisteachta Tuaithe de Chónascadh Éireann.

I bhfianaise fhreagrachtaí an NTA as seirbhísí iompair phoiblí nua agus feabhsaithe faoi Chónascadh Éireann, lena n-áirítear seirbhísí i gContae na Gaillimhe, tá do cheist curtha agam chuig an NTA le freagra díreach a thabhairt chugat. Cuir m'oifig phríobháideach ar an eolas le do thoil mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 51
Top
Share