Mairéad Farrell
Question:141. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an aithníonn sé go gcaithfear dul i ngleic leis an eisiamh a chruthaíonn an struchtúr reatha don Ghaeilge sa chóras oideachais, agus go bhfuil gá le beartas cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt atá bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, agus a chuireann páirtchumais agus próifílí inniúlachta míchothroma na bhfoghlaimeoirí sna scileanna teanga i gcuntas, chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí le riachtanais bhreise litearthachta díriú ar scileanna cumarsáide labhartha sa Ghaeilge agus deimhniúchán a bhaint amach sna scileanna sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48880/23]
View answer