Skip to main content
Normal View

Scéimeanna agus Tacaíochtaí Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 November 2023

Thursday, 9 November 2023

Questions (160)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

160. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an gcuirfidh sé scéim tithíochta shainiúil don Ghaeltacht ar bun, anuas ar (nó lasmuigh de) Croí Cónaithe, scéim amhail is atá leagtha amach sa Phlean Fáis, 2024-2029, cáipéis a bhfuil tacaíocht tugtha ag 138 ngrúpa Gaeilge agus Gaeltachta di, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48386/23]

View answer

Written answers

Tá polasaí maidir le forbairt scéimeanna tithíochta leagtha amach i dTithíocht do Chách.

Tá roinnt beart tugtha isteach ag an Rialtas chun tacú le teaghlaigh agus le daoine aonair ar mian leo teach a cheannach, chomh maith le méadú a dhéanamh ar an soláthar iomlán tithe nua, agus tacaíonn Ciste Baile an Chroí Chónaithe, a seoladh i mí Iúil 2022, le foirgnimh agus láithreáin atá folamh agus tréigthe i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre a úsáid.

Príomhthionscnamh ab ea tabhairt isteach an Deontais Athchóirithe Réadmhaoine Folamh faoi Chiste na mBailte Croí Cónaithe. Tacaíonn an Deontas le réadmhaoine folmha agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid mar thithe, agus ag an am céanna beatha nua a thabhairt isteach inár mbailte agus sráidbhailte, ag tacú lena n-athghiniúint.

Ó mhí na Bealtaine 2023, tá deontas suas le €50,000 ar fáil chun athfheistiú a dhéanamh ar réadmhaoin fholmha lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach nó curtha ar fáil ar cíos. Sa chás go bhfuil réadmhaoin tréigthe, tá breisiú suas le €20,000 ar fáil, rud a thugann a deontas iomlán atá ar fáil do mhaoin thréigthe go huasmhéid de €70,000.

Tá an-tóir ar an scéim ó seoladh í. Go dtí deireadh R3 2023, bhí 4,640 iarratas faighte ag údaráis áitiúla ar fud na tíre agus ceadaíodh 1,975 iarratas agus íocadh 21 deontas amach.

Ón 1 Iúil 2023, tá tacaíocht bhreise ar fáil faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar réadmhaoin fholmha agus thréigthe atá lonnaithe ar na hoileáin chun cuidiú leo iad a chur in úsáid arís. Tá uasráta an Deontais Athchóirithe Maoine Folamh atá iníoctha suas le 20% níos airde do mhaoine fholmha agus thréigthe incháilithe ar oileáin cháilitheacha. Fágann sé seo na huasrátaí deontais d’athfheistiú réadmhaoine ar oileáin suas le €60,000 chun foirgnimh fholmha a athchóiriú agus suas le €84,000 sa chás go ndeimhnítear go bhfuil an mhaoin tréigthe agus go n-aithníonn sé na costais bhreise a bhaineann le foirgnimh fholmha agus thréigthe a athchóiriú ar na hoileáin.

Is í an dara scéim atá á seachadadh faoi Chiste na mBailte Croí Cónaithe ná an scéim Réidh le Tógáil. Seoladh é an 21 Meán Fómhair 2022, agus cuireann údaráis áitiúla suíomhanna seirbhísithe ar fáil i mbailte agus sráidbhailte ar rátaí lascainithe do dhaoine aonair ar mian leo a dteach féin a thógáil. Tá an Roinn i dteagmháil le húdaráis áitiúla faoi láthair chun láithreáin a aithint le díol faoin scéim.

Níl aon phleananna faoi láthair scéim tithíochta a bhunú go sonrach don Ghaeltacht. Tá mo Roinnse páirteach, áfach, i nGrúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) atá ag obair chun treoir shonrach pleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá mo Roinn sásta fós dul i dteagmháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le haon bhearta a bhaineann le forbairt tithíochta agus Gaeltachta.

Top
Share