Skip to main content
Normal View

Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 November 2023

Thursday, 9 November 2023

Questions (218)

Éamon Ó Cuív

Question:

218. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an mbeidh aon deontais nua bhreise ar fáil do bhunscoileanna le cúnamh a thabhairt dóibh deireadh a bheith acu leis an gcuraclam nua mata a mhúineadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49149/23]

View answer

Written answers

Is maith is eol dom go mbíonn tionchar ag athrú curaclaim ar gach duine inár gcóras oideachais, go háirithe na daltaí, na múinteoirí agus na ceannairí inar mbunscoileanna. Is eol dom freisin go dteastaíonn na tacaíochtaí cearta chun go mbeidh ar chumas scoileanna a mbealach a dhéanamh ar an turas chuig feidhmiú Churaclam Matamaitice na Bunscoile.

Chun tacú le rannpháirtíocht, comhoibriú agus foghlaim ghairmiúil ceannairí agus múinteoirí scoile de réir mar a chuireann siad eolas ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile agus de réir mar a fheidhmíonn siad é, tá sraith de thacaíochtaí gairmiúla ar ardchaighdeán á soláthar ag an Roinn, in éineacht le Oide agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS). Ina measc sin tá réimse cuimsitheach de thacaíochtaí aghaidh ar aghaidh agus ar líne chun Curaclam Matamaitice na Bunscoile a chur i láthair, a fheidhmiú agus a leabú thar chreat forleathan d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) ina mbeidh trí chéim.

Tá an costas a bhaineann le hoiliúint inseirbhíse a sholáthar do mhúinteoirí bunscoile ag brath ar an mbealach a ndéantar FGL a sholáthar amhail aghaidh ar aghaidh, ar líne, foghlaim chumaisc, tacaíocht ionscoile agus cé acu an ndéantar nó nach ndéantar laethanta dúnta scoile a chur san áireamh. Tá clúdach ionadaithe a sholáthar le cur san áireamh freisin agus is é sin is mó a chuireann leis an gcostas.

De ghnáth, tabhóidh gnáthimeacht FGL aghaidh ar aghaidh costais d’éascaitheoirí, costas ionaid, taisteal agus cothabháil agus costais ionadaithe. Meastar go bhféadfadh costas de thart ar €20m a bheith ag baint le himeacht aghaidh ar aghaidh dhá lá do na múinteoirí Bunscoile go léir má ghlactar leis go gcuirfí clúdach ionadaithe ar fáil do na múinteoirí a bheadh ag freastal air.

Ina theannta sin, rinneadh réimse tacaíochtaí a fhorbairt agus tá siad á gcur i láthair san Fhoireann Uirlisí do Mhatamaitic na Bunscoile, atá ar fáil ag www.curriculumonline.ie/Primary. Cuireann an fhoireann uirlisí tacaíocht phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí maidir le heispéiris shaibhre i bhfoghlaim na matamaitice a chruthú do leanaí. Is iad na comhpháirteanna atá san fhoireann uirlisí ná coincheapa matamaiticiúla, contanaim um dhul chun cinn, ábhair thacaíochta agus samplaí d'fhoghlaim leanaí. Cuirfear leis an bhfoireann uirlisí le himeacht ama.

Top
Share