Catherine Connolly
Question:225. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad teaghlach a chothaigh scoláirí an samhradh seo faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus atá fós ag fanacht ar íocaíochtaí faoin scéim; cén céatadán de na teaghlaigh a chothaigh scoláirí faoin scéim an samhradh seo agus atá fós ag fanacht ar íocaíochtaí faoin scéim; cén uair a gheobhaidh siad íocaíocht; soiléiriú a thabhairt ar aon athbhreithniú atá ar siúl ag a Roinn maidir leis an scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49254/23]
View answer