Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 November 2023

Tuesday, 21 November 2023

Questions (269)

Éamon Ó Cuív

Question:

269. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a íocfar deontas mhí Iúil agus mhí Lúnasa le duine i mo dháilcheantar (sonraí tugtha) faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50534/23]

View answer

Written answers

Maidir le ceist an Teachta, tá dhá íocaíocht dlite don duine luaite agus tá na híocaíochtaí seolta chuig Rannóg Airgeadais na Roinne. Tá na híocaíochtaí seo coinnithe siar, áfach, go dtí go mbeidh cáipéis áirithe curtha ar fáil don Roinn ag an iarratasóir. A luaithe is a bheidh an cháipéis seo curtha ar fáil, beidh ar chumas na Roinne na híocaíocht seo a dhéanamh. Tá an Roinn i dteagmáil leis an iarratasóir ar mhaithe le cúnamh a thabhairt an fhadhb a réiteach.

Top
Share