Skip to main content
Normal View

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (284)

Catherine Connolly

Question:

284. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Cheist Pharlaiminte Uimh. 9 an 19 Deireadh Fómhair 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin ar na chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; cathain a thosófar an obair athbhreithniúcháin ar na bpleananna eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53630/23]

View answer

Written answers

Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.

Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:

• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

• Ná Déise;

• Ciarraí Theas;

• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

• Ciarraí Thiar;

• Conamara Láir;

• An Cheathrú Rua;

• Maigh Eo Thuaidh;

• Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,

• Árainn Mhór.

Tá curtha in iúl ag Barr Feabhais Teo. go bhfuil teagmháil ghníomhach déanta ag an gcomhlacht le páirtithe leasmhara éagsúla i leith an athbhreithnithe ó cuireadh tús leis. Tá comhairliúchán déanta ag Barr Feabhais le ceanneagraíochtaí agus le coistí stiúrtha pleanála teanga i naoi gcinn de na limistéir go dtí seo. Tá sraith chruinnithe reáchtáilte ag an gcomhlacht le hÚdarás na Gaeltachta agus tionóladh cruinniú idir mo Roinn fhéin, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Barr Feabhais le déanaí freisin. Anuas air sin tá comhairliúcháin déanta le roinnt eagrais Gaeltachta ó shin chomh maith.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhas agus iad ag obair i dtreo athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga ábhartha. Tá deimhnithe arís ag Barr Feabhas le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh siad ar aghaidh go dícheallach lena gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfí tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh.

Tá tréimhse 9 mí ó thús an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne - rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.

Nuair a bheidh deis ag mo Roinn leagan críochnúil an athbhreithnithe a bhreithniú, beifear in ann breathnú chun cinn ar an gcéad bhaisc eile de phleananna a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu.

Top
Share