Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (56)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

56. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil an tuarascáil ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga maidir le scéim cacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil i gceist acu a bpáiste nó a bpáistí a thógáil le Gaeilge léite aici; an bhfuil sé i gceist gníomhú ar na moltaí atá inti; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53617/23]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Leanfaidh mé ar aghaidh ag labhairt leis an Aire Stáit agus freagraí a fháil domsa. Tá an cheist seo maidir le tuarascáil ó fhóram Chois Fharraige um pleanáil teanga maidir leis an scéim tacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil i gceist acu a bpáiste nó a bpáistí a thógáil le Gaeilge. An bhfuil an tAire Stáit chun gníomhú ar an tuarascáil ón bhfóram sin?

Cuireadh doiciméad dár dteideal, Scéim Tacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil sé i gceist acu a bpaiste/í a thógáil le Gaeilge: Tuairimí Fhóraim Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR, faoi bhráid mo Roinne ag tús mhí na Samhna. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh mo bhuíochas a léiriú le fóram Chois Fharraige um pleanáil teanga as ucht an cháipéis seo a ullmhú agus as ucht obair na bliana atá déanta acu ag cur an phróiseas pleanála teanga chun cinn i gceantar Chois Fharraige.

Ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge roinnt blianta ó shin, tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn faoi scáth an phróisis pleanála teanga a tháinig i bhfeidhm ó shin chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. San áireamh anseo, ceadaíodh cistíocht shuntasach ar fiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ó 2021 go 2023. Cuireann an maoiniú seo le cumas Tuismitheoirí na Gaeltachta tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Tá plé ar siúl leis an eagraíocht maidir le cistíocht do 2024 agus do na blianta ina dhiaidh sin.

I bhfianaise an tábhacht faoi leith a bhaineann le tacú tuilleadh fós le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga, bhuail feidhmeannaigh mo Roinne le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bhearta breise thairis an méid atá ar bun cheana a d'fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh. Críochnóidh mé i gceann tamaillín.

Is cuimhin len a lán daoine scéim labhairt na Gaeilge agus an cheann a bhí ann roimhe seo. Is trua go bhfuair an bord snip réidh leis ag an am.

Seachas ag fáil réidh leis ba chóir go mbeadh dlús curtha leis agus ag déanamh cinnte de go bhfuil aitheantas Stáit ann do cé chomh luachmhar is atá sé don Stát teaghlaigh a mhealladh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Sin an fáth go raibh fóram Chois Fharraige dírithe ar an gceist seo. Mar a dúirt an tAire Stáit, chuir sé na moltaí faoina bhráid agus faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus os comhair na Ranna. An rud atá i gceist anois ná cén uair a bhfeicfimid gníomh de réir na moltaí a bhí sa tuarascáil sin? Caithfidh gníomh tarlú agus beidh costas i gceist. An bhfuil an tAire Stáit cinnte go mbeadh an tAire Airgeadais sásta cuidiú leis sna moltaí a bhfuil tús curtha leo a chur le chéile?

Bhí cruinniú ag mo Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar an 21 Meán Fómhair chun na féidearthachtaí maidir le scéim nua a chíoradh agus tá beartaithe ag an Roinn bualadh le grúpa ionadaíoch ar na hoifigigh pleanála teanga sna seachtainí amach romhainn chun a gcuid smaointe a bhailiú freisin. Anuas air sin, ag cruinniú i mí na Samhna de choiste comhairleach an Aire maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, glacadh cinneadh cruinniú ar leith den choiste a thionól luath sa bhliain nua ar mhaithe leis an gceist áirithe sin a phlé. Cuirfear moltaí fhóraim Chois Fharraige um pleanáil teanga san áireamh sa phlé sin, rud atá an-tábhachtach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann fógra eile a chur amach maidir le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus maidir leis an scéim sin go luath.

Arís tá scéim úir a phleanáil ag an Aire Stáit agus sin mar a dúirt sé nuair a roghnaíodh é mar Aire Stáit sa chéad dul síos. Sin ceann de na céad rudaí a dúirt sé in agallamh agus tá sé ag gníomhú de réir a bhriathar. Dúirt sé go mbeadh sé i gceist scéim labhairt na Gaeilge dá shórt a thógáil ar ais agus is maith sin. Cosúil leis na ceisteanna eile a bhí agam níos luaithe, arís tá mé ag fiafraí cén uair a tharlóidh sé seo. Sin an príomhrud. Tá daoine ag brath ar chuidiú ón Stát chun déanamh cinnte nach bhfuil clainne agus teaghlaigh ag casadh ar Bhéarla agus go mbeadh siúd lasmuigh den Ghaeltacht ag féachaint, amach anseo, ar conas is féidir leo braith ar an Stát nuair atá siadsan ag smaoineamh ar a gclainne a thógáil le Gaeilge. Tá súil againn go gcuirfidh seo dlús leis an méid chainteoirí Gaeilge gach uile lá, ní hamháin i gceantair Ghaeltachta, ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Níl sé i gceist ag mo Roinn scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais mar a bhí sé in 2011 ach ar an lámh eile cuireann mo Roinn raon leathan de tacaíochtaí eile ar fáil don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá go leor tacaíochtaí ann. Mar a dúirt mé cheana, tá súil agam go mbeidh mé in ann fógra a dhéanamh maidir le ceann de na tacaíochtaí a chuirfear ar fáil, chomh luath agus is féidir.

Top
Share