Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (62)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí cur síos ar aon ionchur a bhí ag a Roinn, má bhí, in ullmhú an Bhille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, go háirithe chun a chinntiú go mbeidh cosaintí don Ghaeltacht san áireamh sa phleanáil agus go mbeidh inmharthanacht shochtheangeolaíoch curtha san áireamh in aon srianta maidir le togáil tithe, nó ar mhaithe leis an gcultúr agus leis na healaíona, go háirithe chun a chinntiú go ndéanfar spásanna ealaíne, ionaid chultúrtha, ionaid siamsaíochta oíche, agus ealaín phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn i bpleanáil agus i bhforbairtí a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear dátaí agus sonraí faoi aon chomhfhreagras idir a Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin mBille seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53620/23]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Déanann an cheist seo déileáil leis an ionchur a bhí ag an Roinn maidir le hullmhú an Bhille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, chun cinnte a dhéanamh de go mbeadh cosaintí ann don Ghaeltacht san áireamh i bpleanáil amach anseo agus chomh maith le sin go mbeadh inmharthanacht shochtheangeolaíochta curtha san áireamh in aon srianta maidir le tógáil tithe. Ceist eile atá gaolta ná a chinntiú go mbeadh spásanna ealaíona, ionaid chultúrtha, ionaid siamsaíochta oíche, agus a leithéid, á gcosaint in aon forbairt amach anseo.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is faoi stiúir an Ard-Aighne a bhí an t-athbhreithniú agus an comhdhlúthú ar an Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000, ceann de na gníomhaíochtaí tosaíochta de chuid Tithíocht do Chách. Cuireadh tús le Tithíocht do Chách go déanach i samhradh 2021 agus tógadh go ceann scríbe é le foilsiú an dréacht Bhille um Phleanáil agus Forbairt, 2022 i mí Eanáir 2023. Rinne grúpa oibre an Ard-Aighne obair fhairsing ina leith, le rannpháirtíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, mar a bhain sé le gnéithe polasaí agus aiseolas ó rannpháirtíocht geallsealbhóirí. I ndiaidh fhoilsiú an dréachtbhille, rinne an Comhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht grinnscrúdú cuimsitheach réamhreachtach i mí Feabhra agus mí an Mhárta. D'fhoilsigh an comhchoiste a thuarascáil i mí na Bealtaine ina raibh breis agus 150 moladh, a ndearna an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta breithniú cúramach orthu agus a bhfuil roinnt acu san áireamh sa Bhille athbhreithnithe.

Is é príomhaidhm an Bhille seo ná ullmhú pleananna a chur i gceartlár an chórais phleanála trí níos mó soiléireachta agus sruthlínithe a thabhairt don reachtaíocht phleanála agus feabhas a chur ar fheidhmiú an chóras pleanála do chleachtóirí agus don phobal i gcoitinne araon. Tá rannpháirtíocht an phobail, ar sainmharc é den chóras pleanála reatha, ina chuid lárnach den chóras pleanála sa reachtaíocht nuashonraithe go fóill. Ag teacht le cleachtas caighdeánach, chuathas i gcomhairle le mo Roinn maidir le forálacha an Bhille. Cé go bhfáiltíonn mo Roinn roimh na forálacha atá sa Bhille a bhaineann le caomhnú na Gaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachta, tá cruinniú iarrtha idir oifigigh ón dá Roinn chun cuspóirí fhorálacha áirithe a shoiléiriú agus chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go gcuirfí líon beag leasuithe san áireamh ag Céim an Choiste a d'fhéadfadh an chosaint a thugtar don teanga sa chóras pleanála a neartú tuilleadh. Táim ag súil go reáchtálfar an cruinniú seo go luath san athbhliain.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá súil agam nach bhfuil an Bille seo léite aige mar níl sé léite agamsa nó ag éinne eile, seachas iad siúd atá ag gabháil de ó thús. Tá 700 leathanach ann. Níl an Ghaeilge lárnach ann. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos lárnaí ann. Ba chóir go mbeadh muid ag déileáil leis agus go mbeadh coinníollacha i bhfad níos soiléirí ann maidir le pleanáil tithíochta, na cosaintí don Ghaeltacht, agus an phleanáil ó thaobh na sochtheangeolaíochta de atá ag teastáil agus an Ghaeltacht á phleanáil amach anseo. Ag tabhairt sracfhéachaint tríd na forálacha difriúla, is léir go bhfuil a lán áiteanna inar gá dúinn a chinntiú go bhfuil cosaint ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Déantar sin ag Céim an Choiste ach tá súil agam go mbeidh tacaíocht ag teacht ón Roinn má aithnítear forálacha gur féidir a láidriú chun cosaint a thabhairt do cheantair Ghaeltachta.

Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an teanga sa Bhille seo agus cé chomh mór is atá an Bille féin. Níl sé léite agamsa ach an oiread ach tá súil agam go mbeidh seans agam i rith na Nollag. Nuair atá Daidí na Nollag críochnaithe le mo chlann, b’fhéidir go mbeidh mé in ann an Bille a léamh. An rud is tábhachtaí domsa ná go mbeidh seans ag mo Roinn agus an Roinn tithíochta na rudaí is tábhachtaí ó thaobh an teanga de a phlé. Beidh a fhios ag an Teachta go raibh an-díospóireacht againn sa choiste cúpla seachtain ó shin maidir leis na treoirlínte agus iad a fhoilsiú. Níl aon rud ag seasamh amach anois agus tá sé deimhnithe ag m’oifigigh go mbeidh sé sin á dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh an Roinn tithíochta in ann na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir mar tá sé sin an-thábhachtach.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá súil agam nach mbeidh an Nollaig chomh dona sin go mbeidh sé ag léamh 700 leathanach de reachtaíocht faoi phleanáil agus forbairt. Is fiú tabhairt faoin meamram maoiniúcháin mar tá 120 leathanach ansin. Ag déileáil leis an gceist seo, d’fhreagair an Aire Stáit roinnt de. D’ardaigh sé ceist na treoirlínte. Dhein mé iarracht cúpla uair ceist phrióireachta a chur sa Teach inniu maidir le sin mar tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag cur milleán ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as ucht moille na dtreoirlínte. Is é sin an fáth go raibh an cheist á chur ar Roinn an Aire Stáit. Tá an cheist curtha ar ais anois go dtí an tAire tithíochta atá le freagra a thabhairt ar an Déardaoin ach tá sé tar éis a rá ar an taifead go bhfuil an mhoill ag teacht ó Roinn an Aire Stáit. Ní a fhios agam cé air atá an lucht. B’fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit é sin a fhreagairt.

Maidir leis na treoirlínte, tá mo Roinn críochnaithe leis an ábhar sin. Tá na treoirlínte ag an Roinn tithíochta; mar sin, is ceist don Roinn sin í sin. Is ceist an-thábhachtach í. Maidir leis an mBille seo, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Bille seo, go háirithe do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach a rá go mbeidh cruinniú á eagrú idir na hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus an Roinn tithíochta chun labhairt faoi na leasuithe a dhéanfar le linn Chéim an Choiste sa Dáil nó sa roghchoiste.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Sin deireadh anois leis an gceist sin. Rachaimid ar aghaidh go dtí an cheist dheireanach.

Question No. 63 taken with Written Answers.
Top
Share