Catherine Connolly
Question:68. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Cheist Pharlaiminte 45678/23, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus an cur chuige atá i ngníomh ag an Údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; chun a iarraidh uirthi soiléiriú a thabhairt ar na moltaí atá tagtha as an obair athbhreithniúcháin; chun a fhiafraí di cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an scéim nua tacaíochta forbartha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53611/23]
View answer