Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (72)

Éamon Ó Cuív

Question:

72. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén líon scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2019, 2022 agus 2023; cén líon teaghlach a choinnigh scoláirí a bhí cláraithe leis an scéim do na blianta sin; cé mhéad airgead a d’íoc an Roinn amach leo sin gach bliain acu sin, leagus 2023 go dtí seo san áireamh; cén deontas in aghaidh na hoíche a bhí i gceist i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53491/23]

View answer

Written answers

Tugann an tábla thíos léargas ar statisticí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 2019 go 2023, ina n-áirítear an líon scoláire a d'fhreastail ar gach cúrsa agus an líon teaghlach atá cláraithe faoin scéim agus a chuir lóistín ar fáil sna blianta sin.

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

2019

2022

2023

Líon scoláirí

27,032

25416

26,835

Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí

648

495

511

Caiteachas na Roinne

€4,487,770

€3,892,955

€4,623,549*

*caiteachas go dáta (2023) le teaghlaigh cláraithe agus a choinnigh scoláire ar íostas faoin scéim.

Tacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge, earnáil a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn tráchtála go príomha, trí dheontais laethúla a chur ar fáil do theaghlaigh cáilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí a bhíonn ag freastal ar na coláistí. Is ioncam é seo atá saor ó cháin-ioncaim agus atá sa bhreis ar an ioncam a fhaigheann na teaghlaigh ó na coláistí féin.

Go ginearálta, is é an cóimheas oibre don íocaíocht seo ná do gach euro a íocann mo Roinn le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim, íocann na coláistí timpeall €1.20. Is iad na coláistí féin a shocraíonn na rátaí seo agus níl aon ról ag mo Roinn ann.

Tháinig méadú de 20% ó €10 go €12 ar an deontas laethúil atá iníoctha ag mo Roinn le teaghlaigh aitheanta na scéime a chuireann lóistín ar fáil ó thús na bliana 2022.

Anuas air seo, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Leathnaíodh scóip an deontais freisin chun costais tosaithe riachtanacha breise a chlúdach ann. Méadaíodh chomh maith i mbliana ó 12 go 16 an t-uasmhéid scoláirí a bhfuil cead ag aon teaghlaigh a choinneáil.

Is údar sásaimh don Roinn go raibh, de bharr na mbeartas éagsúla atá curtha i bhfeidhm aici le dhá bhliain anuas, an líon scoláirí a thug cuairt ar an nGaeltacht i mbliana nach mór ar chomhchéim le figiúr 2019.

Is mar seo a leanas an ráta íocaíochta a rinneadh leis na teaghlaigh a chuir lóistín ar fáil faoin scéim idir 2019 - 2023:-

Deontas laethúil

Ráta 2019

Ardú tugtha [10 Márta 2022]

Ardú tugtha [D. Fómhair 2022]

Ráta 2023

Gnáthchúrsaí

€10

€11

€12

€12

Brú/lóistín coláiste

€5

€6

€7

€7

Erasmus

€17

€19

€21

€21

Árainn Gaeltacht

€27

€30

€33

€33

Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.

Top
Share