Skip to main content
Normal View

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 December 2023

Tuesday, 5 December 2023

Questions (98)

Pearse Doherty

Question:

98. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an míneoidh sí cén uair a bheas na toghcháin chun bord Údarás na Gaeltachta ann. [53573/23]

View answer

Written answers

Tá obair ar an mBille seo idir lámha faoi láthair d’fhonn é a fhoilsiú chomh luath in Éirinn agus is féidir, ag cur san áireamh go bhfuil na moltaí a rinne Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dtaobh an Bhille á mbreithniú ag oifigigh mo Roinne. Agus an obair sin a bheith curtha i gcrích, beifear ag súil go reáchtálfar toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta i lár na bliana seo chugainn.

Top
Share