Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 December 2023

Thursday, 7 December 2023

Questions (216)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

216. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cad is cúis leis an moill ar an eolas a theastaíonn ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fháil ó Roinn na Gaeltachta chun na treoirlínte pleanála geallta a fhoilsiú; cathain a bheidh sé curtha ar fáil aici dó; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53615/23]

View answer

Written answers

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) ag leanúint lena chuid oibre maidir le treoir phleanála ar leith a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann freisin atá comhdhéanta den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha le ceantair Ghaeltachta.

Ag cruinniú an Ghrúpa Idir-Rannach ar an 15ú Nollaig 2022, comhaontaíodh go gcuirfeadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar ar bun in 2023 ar mhodheolaíocht agus formáid do Ráitis Tionchair Teangeolaíochta mar phríomheilimintí de threoirlínte pleanála amach anseo do cheantair Ghaeltachta. Cuireadh tús leis an staidéar seo ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2023. Tá moltaí tosaigh faighte ó chomhairleoir, a bhfuil a chuid oibre ag druidim chun críche, agus tá sé seo mar bhonn eolais do dhréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta. Tionóladh roinnt cruinnithe den Ghrúpa Idir-Rannach in 2023 agus tá rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne fós ar siúl.

Top
Share