Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 182 go 185, go huile, le chéile.
Tá an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann lántiomanta a ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí maidir le fógraíocht, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal, dá bhforáiltear in alt 10A d’[Acht 2003], a tháinig i bhfeidhm an 10 Deireadh Fómhair 2022.
Tá mo Roinnse agus Óglaigh na hÉireann ag obair chun a chinntiú go gcuirfear ar a laghad 20 faoin gcéad d’fhógraíocht ar bith ar fáil i nGaeilge agus go n-úsáidfear 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaitear ar fhógraíocht in aon bhliain chun fógraíocht a chur i bhfeidhm trí mheáin Ghaeilge.
Mar is eol don Teachta, ní mór do chomhlachtaí poiblí tuairisceán comhlíontachta a chomhdú leis an gCoimisinéir Teanga tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 i ndáil le fógraíocht 2023. Beidh an tuairisceán atá curtha isteach ag comhlachtaí poiblí mar bhonn ag an gCoimisinéir Teanga chun comhlíonadh na gcomhlachtaí poiblí sin maidir lena gcuid oibríochtaí fógraíochta a thomhas le linn 2023.
Níorbh fhéidir an t-eolas a d’iarr an Teachta a thiomsú san am a bhí ar fáil ach, a luaithe a bheidh sé curtha le chéile, tabharfaidh mo Roinn freagra díreach dó.