Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (200)

Éamon Ó Cuív

Question:

200. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56062/23]

View answer

Written answers

Tá an t-eolas a iarrtar á chur le chéile agus cuirfear ar aghaidh chuig an Teachta é nuair a bheidh sé ar fáil.

The following deferred reply was received under Standing Order 51.
Tá mo Roinn lántiomanta do chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi de réir mar a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 iad. I gcomhréir leis an Acht, cuirfear gach faisnéis chomhlíonta maidir le fógraíocht Ghaeilge na Roinne in 2023 faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga i mí an Mhárta 2024. Oibríonn Aonad Preasa agus Cumarsáide na Roinne Iompair go dlúth lena gníomhaireacht ceannaithe meán chun spás fógraíochta a cheannach agus lena gníomhaireacht chruthaitheachta chun sócmhainní Gaeilge a fhorbairt, agus déantar an méid sin i gcomhréir leis na spriocanna 5% agus 20% a leagtar síos sa reachtaíocht. Cuirfear na sonraí fógraíochta go léir i dtoll a chéile go luath in 2024 agus comhdófar iad tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 de réir na treorach atá curtha ar fáil ag an gCoimisinéir Teanga.
Maidir leis an bhfaisnéis a lorgaíodh faoi chomhlachtaí atá faoi choimirce mo Roinne, is ábhar oibríochta é sin a bhaineann le gach comhlacht ar leith. Iarrfaidh an Roinn ar na comhlachtaí ábhartha an fhaisnéis atá á lorg a chur go díreach chuig an Teachta.
Top
Share