Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (260)

Éamon Ó Cuív

Question:

260. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55993/23]

View answer

Written answers

I mbliana go dtí seo, chaith mo Roinn 9% dá bhuiséad fógraíochta 2023 sna meáin Ghaeilge.

Le haghaidh cúspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, Alt 10A áfach, sainmhínítear fógraíocht mar: (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus (b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas— (i) foireann a earcú, (ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais, (iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol, (iv) seirbhísí a sholáthar, nó (v) comhchomhairliúchán poiblí.

Iarrfar ar chomhlachtaí poiblí tuairisceán comhlíonta leictreonach a chomhlánú i leith an dualgais seo ag tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 maidir le fógraíocht 2023.

Top
Share