Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (281, 282, 283, 284)

Éamon Ó Cuív

Question:

281. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55992/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

282. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56012/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

283. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56030/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

284. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56048/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 281 to 284, inclusive, together.

Tá an Roinn Oideachais lántiomanta a ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021 a chomhlíonadh.

Tá mo Roinnse ag obair chun a chinnitiú go gcuirfear ar a laghad 20% d’fhógraíocht ar bith ar fáil i nGaeilge agus go n-úsáidfear ar a laghad 5% d’aon airgead a chaitear ar fhógraíocht in aon bhliain chun fógraíocht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

Cuirfear eolas maidir lenár gcomhlíontacht i leith fógraíochta trí Ghaeilge faoi bhráid an Choimisinéara Teanga i mí an Mhárta 2024 lena fhoilsiú, i gcomhréir leis an Acht.

Níorbh fhéidir an t-eolas a d’iarr an Teachta a thiomsú san am a bhí ar fáil ach, a luaithe a beidh sé curtha le chéile, tabharfaidh mo Roinn freagra díreach dó.

Question No. 282 answered with Question No. 281.
Question No. 283 answered with Question No. 281.
Question No. 284 answered with Question No. 281.
Top
Share