Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (300, 301, 302, 303)

Éamon Ó Cuív

Question:

300. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56007/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

301. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56025/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

302. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56043/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

303. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56061/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 300 to 303, inclusive, together.

I gcomhréir le treoir Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ábhar, tá mo Roinnse ag obair i dtreo tuairisciú a dhéanamh i leith fheidhmiú Alt 10A d’Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 in 2023 faoi dheireadh Ráithe 1 2024 agus beidh na sonraí mar atá lorgtha ag an Teachta ar fáil an uair sin.

Maidir le comhlachtaí poiblí faoi scáth an Achta, is ceist oibriúcháin do chomhlachtaí poiblí ainmnithe faoin Acht iad féin a shásamh maidir lena gcuid comhlíontachta le forálacha an Achta agus is gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíontacht sin ansin. Níl aon ról ag mo Roinnse sa mhéid sin.

Question No. 301 answered with Question No. 300.
Question No. 302 answered with Question No. 300.
Question No. 303 answered with Question No. 300.
Top
Share