Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (324, 326)

Éamon Ó Cuív

Question:

324. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56019/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

326. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56055/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 324 and 326 together.

Is ceist do na comhlachtaí aonair lena mbaineann an t-eolas a iarrtar maidir le comhlachtaí atá faoi choimirce mo Roinne. Tá socruithe curtha i bhfeidhm ag gach Gníomhaireacht chun soláthar faisnéise go díreach do chomhaltaí an Oireachtais a éascú. Tá seoladh ríomhphoist teagmhála gach gníomhaireachta leagtha amach sa tábla seo a leanas:

An Bord Pleanála

oireachtasqueries@pleanala.ie

An Fóram Uisce

info@nationalwaterforum.ie

Údarás Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

oireachtasqueries@ahbregulator.ie

Fóram Formhaoirseachta agus Comhchomhairleach Cheantar na nDugaí

infodocklands@dublincity.ie

Ervia

oireachtas@ervia.ie

Líonraí Gáis Éireann

oireachtas@ervia.ie

An Chomhairle Oidhreachta

oireachtas@heritagecouncil.ie

An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe

publicreps@housingagency.ie

An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe

oireachtas.enquiries@hfa.ie

An Ghníomhaireacht Forbartha Talún

oireachtas@lda.ie

Gníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil

corporate@lgma.ie

Údarás Rialála Limistéir Mhuirí

oireachtas@mara.gov.ie

An Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

info@noac.ie

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil

ntacc@housing.gov.ie

Oifig an Rialálaí Pleanála

oireachtas@opr.ie

An Bord um Réiteach Piríte

oireachtasinfo@pyriteboard.ie

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

OireachtasMembersQueries@rtb.ie

Tailte Éireann

reps@tailte.ie

Uisce Éireann

oireachtasmembers@water.ie

Binse Luachála

info@valuationtribunal.ie

Uiscebhealaí Éireann

ceoffice@waterwaysireland.org

Question No. 325 answered with Question No. 323.
Question No. 326 answered with Question No. 324.
Top
Share