Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (435)

Éamon Ó Cuív

Question:

435. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56045/23]

View answer

Written answers

Maidir leis an 12 Chomhlacht Stáit atá faoi choimirce mo Roinne, is ábhar oibriúcháin do na Comhlachtaí Stáit iad féin an fhaisnéis a iarradh. Tá an cheist seo curtha ar aghaidh agam chuig na Comhlachtaí Stáit atá faoi choimirce mo Roinne agus d'iarr mé orthu freagra díreach a thabhairt ar an scéal.

Top
Share