Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (476)

Éamon Ó Cuív

Question:

476. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55990/23]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach.

Táimid ag obair i gcomhar lenár ngníomhaireacht chruthaitheach agus lenár ngníomhaireacht ceannaigh mean chun a chinntiú go mbainfear amach rothlú fógraíochta Ghaeilge 20% ar fud ár bhfeachtas ar fad, agus chomh gar agus is féidir don sprioc 5% maidir leis na meáin Ghaeilge, sa mhéid is indéanta ag brath ar spás fógraíochta atá ar fáil.

I gcomhréir leis an Acht leasaithe, tiomsófar an fhaisnéis uile maidir lenár gcomhlíonadh fógraíochta Gaeilge le haghaidh 2023 lena chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in R1 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Top
Share