Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Questions (502)

Éamon Ó Cuív

Question:

502. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56036/23]

View answer

Written answers

Tá oifigigh mo Roinne ag obair lena chinntiú go bhfuil 20% de fhógraí, chumarsáid ghinearálta agus chumarsáid tráchtála a phléann leis an bpobal i nGaeilge sa bhliain 2023.

Tá an Roinn Sláinte tiomanta go hiomlán dár ndualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022, a chomhlíonadh.

De réir riachtanas an Achta, comhlánóidh an Roinn tuairisceán comhlíontachta don bhliain 2023 leis an gCoimisinéir Teanga faoin 10 Márta 2024. Beidh sé seo mar bhunús ag an gCoimisinéir Teanga a dheimhniú go bhfuil an Roinn ag cloí le riachtanais fhógraíochta, cumarsáid ghinearálta agus cumarsáid tráchtála a bhíonn ag plé leis an bpobal i nGaeilge le linn 2023.

Beidh gá le heolas a bhailiú ó sholáthróirí éagsúla agus chainéil chumarsáide, a bhaineann le réimse feachtas, faoi obair a cuireadh i gcrích agus atá ar siúl i mbliana, chun an tuairisceán comhlíontachta a chomhlánú go cumasach, chomh maith le ceist an Teachta a fhreagairt go cruinn. Ní fhéadfaí freagra ar cheist an Teachta a chur le chéile laistigh den am a tugadh. Baileoidh m'oifigigh an t-eolas seo agus déanfar é a roinnt leis an Teachta nuair atá sé réitithe don bhliain 2023.

Top
Share