Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 17 January 2024

Wednesday, 17 January 2024

Questions (1244)

Éamon Ó Cuív

Question:

1244. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a thosófar ar an obair ar mhuiríne ag Ros a' Mhíl, Co. na Gaillimhe a bhfuil €2m ceadaithe di; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1102/24]

View answer

Written answers

I mí na Samhna 2021, tugadh cead pleanála do mo Roinn chun síneadh bearta 77 a dhéanamh ar an gcaladh bád le carrchlós agus bonneagar coimhdeach ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl. Ar dtús, bhí sé beartaithe an limistéar a dhreideáil agus na hábhair a dhumpáil san fharraige. Mar sin féin, tar éis athbhreithniú a dhéanamh air, meastar go bhfuil luach níos fearr ar airgead, mar aon leis na tairbhí comhshaoil agus inbhuanaitheachta, na hábhair dhreideáilte a athúsáid chun talamh a fháil ar ais, agus ar an gcaoi sin an acmhainneacht le haghaidh forbartha a mhéadú amach anseo. Bhí gá le hiarratas pleanála breise don limistéar míntírithe a cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an 6 Márta 2023 agus ina dhiaidh sin beidh iarratas ar cheadúnas dramhaíola ag teastáil. Tá sé beartaithe an t-iarratas ar cheadúnas dramhaíola a chur chun cinn in 2024. Nuair a dheonófar an toiliú riachtanach ar fad, beidh an Roinn in ann an tionscadal a chur chun cinn.

Go háirithe, in 2023, caitheadh €20.286m ar thionscadail chaipitil in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl. Tá sé mar thosaíocht ag mo Roinn i Ros an Mhíl fós an tionscadal Cé Domhainmhara a sheachadadh agus tá áthas orm a rá go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar na hoibreacha agus go bhfuil siad le bheith críochnaithe i mí an Mhárta 2025.

Top
Share