Skip to main content
Normal View

Driver Test

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 January 2024

Tuesday, 23 January 2024

Questions (180)

Éamon Ó Cuív

Question:

180. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair an meán, atá ar thástáil tiomána i láthair na huaire; cad iad na céimeanna atá á nglacadh aige chun an mhoill sin a laghdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2722/24]

View answer

Written answers

De réir an Achta fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, is ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) atá an fhreagracht reachtúil as gach gné den tSeirbhís Náisiúnta Tástála Tiomána. Tá mé tar éis ceist an Teachta a chur faoi bhráid an RSA dá bhrí sin le go bhféadfaidh siadsan freagra díreach a thabhairt dó. D’iarrfainn ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifig mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de 10 lá.

Maidir leis an moill atá ar thástálacha tiomána faoi láthair, tá brú suntasach ar an tseirbhís le gairid freastal ar éileamh gan fasach. Toisc gur measadh go leanfaí den bhrú sin agus tar éis iarraidh ar acmhainní breise a fháil anuraidh, thug mo Roinn cead le suas le 75 tástálaí tiomána breise a earcú. Fágann sé sin go bhfuil 205 post mar thástálaí tiomána ceadaithe in 2023, líon atá a dhá oiread níos mó ná an 100 post a bhí ceadaithe siar i mí an Mheithimh 2022.Thosaigh an chéad ghrúpa de na hearcaigh nua ag obair mí Mheán Fómhair seo caite agus tá an mheántréimhse feithimh náisiúnta ag dul i laghad ó shin. Ag deireadh 2023 bhí 41 tástálaí tiomána sa bhreis ag obair ar fud na seirbhíse tástála tiomána, agus iad dírithe go príomha ar na limistéir gheografacha a raibh na tréimhsí feithimh ab fhaide agus an t-éileamh ab airde ar thástálacha iontu. Tá cead fós ag an Údarás cur le líon na dtástálaithe ar chonarthaí sealadacha leis an mbrú atá ar an tseirbhís faoi láthair a mhaolú tuille.

Tá mo Roinn ag obair as lámha a chéile leis an Údarás le monatóireacht a dhéanamh ar an éileamh atá ar an tseirbhís agus ar na riachtanais acmhainne atá aici lena chinntiú go mbeidh sí in ann an leibhéal comhaontaithe seirbhíse a chomhlíonadh arís, i.e. tréimhse feithimh 10 seachtaine ar an meán, rud atá súil ag an Údarás a bhaint amach faoi lár 2024.

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 51
Top
Share