Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 January 2024

Tuesday, 23 January 2024

Questions (98, 99, 100, 101)

Éamon Ó Cuív

Question:

98. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2540/24]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

99. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2541/24]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

100. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2542/24]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

101. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [2543/24]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 98, 99, 100 and 101 together.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 98 go 101, go huile, le chéile.

Tá Roinn an Taoisigh tiomanta go hiomlán dá dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh. Oibríonn oifigigh le gníomhaireacht ceannaigh meán na Roinne chun na ceanglais a leanas a chomhlíonadh:

(i) beidh ar a laghad 20% d’aon fhógraíocht a chuireann Roinn an Taoisigh in aon bhliain ar fáil i nGaeilge; agus

(ii) úsáidfear ar a laghad 5% de chaiteachas fógraíochta na Roinne in aon bhliain ar bith chun fógraíocht a chur i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

Tiomsófar gach faisnéis maidir le comhlíonadh fógraíochta Gaeilge na Roinne le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasuithe) 2021 do 2023 le cur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga faoin 10 Márta 2024.

Ní raibh aon chaiteachas fógraíochta ag an Oifig Náisiúnta um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta - arb é an t-aon chomhlacht atá faoi choimirce na Roinne - in 2023.

Question No. 99 answered with Question No. 98.
Question No. 100 answered with Question No. 98.
Question No. 101 answered with Question No. 98.
Top
Share