D'fheidhmigh an roinn toradh an athbhreithnithe ar liúntais agus ar íocaíochtaí bisigh ar fud na seirbhíse poiblí (Meán Fómhair 2012) a rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ciallaíonn sé sin nach raibh mórán liúntas, an ceann seo san áireamh, iníoctha a thuilleadh le Múinteoirí a bhí ina “n-iontrálaithe nua”. Tugtar breac-chuntas ar an tionchar atá aige sin ar mhúinteoirí i gCiorclán 0008/2013. Ar aon dul le roinnt liúntas atá bunaithe ar ról poist, tarraingíodh siar an ceadú chun an Liúntas Gaeilge a íoc le tairbhithe nua ón 1 Feabhra 2012 faoi théarmaí an Chiorcláin. Ina theannta sin, má bhí múinteoir i dteideal an liúntas a fháil roimh an 1 Feabhra 2012 agus má d'fhág an duine sin an ról poist sin ar nó i ndiaidh an 1 Feabhra ar bhonn deonach, tagann deireadh lena dteidlíocht i leith an liúntais ón dáta ar fhág sé/sí agus ní fhéadfaidh sé/sí an teidlíocht a fháil ar ais.
Ar 1 Feabhra 2012 íocadh an Liúntas Gaeilge ag ráta €1583 in aghaidh na bliana
agus ón 1 Deireadh Fómhair 2023 faoi mar a fhoráiltear faoin "Ag Dul ó Neart go Neart - Comhaontú Seirbhíse Poiblí Nua 2021-2023", arna athbhreithniú." anois íoctha ag ráta €1812 in aghaidh na bliana.
Ar an dóigh chéanna, íocadh an Deontas Gaeltachta ag €3,063 in aghaidh na bliana agus íoctar anois é ag €3707 in aghaidh na bliana.
Ní fhéadfar leasuithe breise ar théarmaí agus Coinníollacha Múinteoirí, pá agus liúntais san áireamh, a bhaint amach ach amháin trí phlé agus comhaontuithe cómhargála idir an Rialtas agus ceardchumainn na seirbhíse poiblí. Baineann costais shuntasacha bhreise le leasuithe ar bith chun athrú a chur ar na liúntais a íoctar le múinteoirí, bídís ina n-iontrálaithe nua nó ná bíodh, agus ba cheart go mbeidís, faoi mar atá luaite, mar chuid de phlé agus de chomhaontuithe comhchoiteanna idir na Ceardchumainn agus an Rialtas. Tá tabhairt ar ais liúntas mar ábhar plé faoi láthair ag an gComhairle Eadrána do Mhúinteoirí (TCC), a bhfuil an Roinn, ceardchumainn na múinteoirí, comhlachtaí bainistíochta scoile agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe páirteach inti. De bhrí go bhfuil imeachtaí TCC faoi rún, ní bheadh sé cuí go ndéanfadh an tAire aon ráiteas breise agus é fós á phlé.