Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 January 2024

Wednesday, 31 January 2024

Questions (62)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí briseadh síos i bhfoirm tábla de na tograí a bhaineann leis an nGaeilge a fuair tacaíocht ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus méid an mhaionithe a tugadh don togra á chur san áireamh [4502/24]

View answer

Written answers

Tá maoiniú caipitil €15.6 milliún san iomlán curtha ar fáil do mo Roinn faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, chun tionscadail nua a fhorbairt sna réimsí a thagann faoi chúram na Roinne seo. Baineann €2 milliún den allúntas seo le tionscadail a fhorbairt in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus cultúir an oileáin ar fad.

Faoi láthair, táthar i gcomhráití le grúpaí éagsúla maidir le tógraí caipitil féideartha, a bhféadfaí a fhorbairt faoi scáth an tionscnaimh. Leagtar amach sa tábla thíos sonraí maidir leis an maoiniú ón gCiste atá íoctha amach go dáta:

Togra

Cur síos

Suim Íoctha

Naíscoil na Seolta

Naíscoil a fhorbairt in Oirthear Bhéal Feirste

€208,668

Top
Share