Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 January 2024

Wednesday, 31 January 2024

Questions (7)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

7. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé ar an eolas faoin bhfeachtas chun Gaelscoil a bhunú i Melbourne na hAstráile, agus an bhfuil aon obair ar bun ag a Roinn nó ag Ambasáid na hÉireann san Astráil chun tacú leis na hiarrachtaí sin [4500/24]

View answer

Written answers

I Straitéis Diaspóra na hÉireann 2020-2025 áirítear tiomantas leathan chun tacú le léiriú cultúrtha i measc ár ndiaspóra.  

Maidir leis an nGaeilge go sonrach, tá an Rialtas tiomanta sa straitéis do chur chun cinn agus do mhúineadh na Gaeilge thar lear.

Tá maoiniú ar fáil ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach an Rialtais d’aon tionscnamh a chuireann chun cinn na cuspóirí Gaeilge seo a bhaineann leis an diaspora.  Fairis sin, d’fhéadfadh maoiniú comhlánaithe a bheith ar fáil ó ranna Rialtais eile faoi chláir agus scéimeanna eile. Chun maoiniú a cheadú, ní mór na critéir iarratais a chomhlíonadh.

Is eol dom an feachtas atá ar bun chun Gaelscoil a oscailt i Melbourne agus go raibh oifigigh ag Ambasáid na hÉireann i gCanberra i dteagmháil le daoine ábhartha maidir leis an togra.

Top
Share