Skip to main content
Normal View

Straitéisí Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 31 January 2024

Wednesday, 31 January 2024

Questions (70)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

70. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dáta faoina mbeidh an straitéis do na healaíona teangabhunaithe Gaeilge foilsithe. [4499/24]

View answer

Written answers

Ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca breise d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2023 lena mbaineann, rinne mo Roinn, idir Rannán na Gaeltachta agus Éire Ildánach, taighde a choimisiúnú faoin ábhar seo in 2018. Is é Ollscoil Luimnigh a ceapadh don chúram le maoiniú ón Roinn agus Éire Ildánach.

Ag eascairt ón taighde sin, tá Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge ar tí a bheith réidh le foilsiú ar dháta atá fós le socrú. Chun tacú le dlús a chur le feidhmiú príomh-mholtaí na straitéise, tá cistíocht faoi leith aitheanta agus curtha go leataobh ina leith.

Comhthreomhar leis seo uile, cuirtear maoiniú faoi leith ar fáil ar bhonn leanúnach chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca don phróiseas pleanála teanga. I measc na n-eagraíochtaí a gcuirtear an maoiniú seo ar fáil dóibh, tá Ealaín na Gaeltachta, An Cumann Scoldrámaíochta, an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus An Taibhdhearc.

Top
Share