Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 February 2024

Wednesday, 14 February 2024

Questions (194)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

194. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cathain faoina mbeidh an grúpa oibre molta don tithíocht Gaeltachta bunaithe, agus sonraí a thabhairt faoin ról a bheidh acu, agus an mbeidh na treoirlínte don phleanáil Gaeltachta i bhfeidhm faoin am atá siad i mbun oibre. [7123/24]

View answer

Written answers

Ar an 2 Feabhra 2024 bhí cruinniú idir oifigigh na Roinne agus ionadaithe ón ghrúpa Bánú. Mhínigh ionadaíocht Bánú na dúshláin, mar a fheiceann siad iad, a bhaineann le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht agus féidearthachtaí chun na dúshláin seo a shárú.  Ceann do na hábhair a pléadh ná an fhéidearthacht grúpa oibre a bhunú chun cuid de na féidearthachtaí a phlé le réimse geallsealbhóirí eile.

Níl an comhrá seo ach ina thús agus beidh níos mó eolais faoin ngrúpa oibre, más ann dó, agus an ról a d'fhéadfadh a bheith aige ar fáil amach anseo.

Maidir leis na Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht, tá oifigigh ó mo Roinn agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun caidrimh d’fhonn na dréacht-treoirlínte a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir.

Top
Share