Skip to main content
Normal View

Tionscadail Fhorbartha Pobail

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 February 2024

Thursday, 15 February 2024

Questions (22)

Aindrias Moynihan

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta maidir le hathfhorbairt Choláiste Íosagáin, Baile Bhuirne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6945/24]

View answer

Written answers

Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag Údarás na Gaeltachta Lárionad Forbartha Réigiúnach a thógáil mar chuid d'athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus go bhfuil cead pleanála don fhorbairt bheartaithe bainte amach ó mhí Aibreáin 2023.

Faoin bpróiséas a bheidh á ghlacadh ag an Údarás, agus mar chuid den chéad chéim forbartha, déanfar spás fiontraíochta, nuálaíochta agus oiliúna d'achar thart ar 1,720 méadar cearnach a chuir ar fáil. Sa spás seo beidh réimse leathan d'áiseanna ar fáil ar nós G -Teic ina mbeidh spás oibre agus áiseanna oifige roinnte idir dheasca oibre agus oifigí príobháideacha.

Chomh maith leis seo, beidh réimse de sheirbhísí gnó, fiontraíochta agus oiliúna á soláthar ón lárionad. Clúdóidh na seirbhísí réimse leathan ar nós:

• Comhairle agus seirbhísí tacaíochta do ghnóthaí atá ag dul i mbun gnó don chéad uair;

• Seirbhísí forbartha scileanna agus forbairt cumais;

• Seirbhísí taighde agus nuálaíochta;

• Oiliúint do thograí, seirbhísí, agus próisis forbartha nua;

• Comhairle agus tacaíochtaí i leith foinsí maoinithe; agus,

• Forbairt ar ghréasán tacaíochta agus deiseanna foghlamtha.

Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil infheistíocht iomlán ar fiú níos mó ná €1.2m é déanta ar an láthair chun an suíomh a ghlanadh, chun na bunseirbhísí agus infreastruchtúir a chur in áit agus chun réamhoibreacha bunriachtanacha a thabhairt chun críche. Beidh an obair seo mar bhunchloch na forbartha amach anseo.

Tar éis próiseas tairisceana phoiblí a reáchtáil, roghnaigh Údarás na Gaeltachta conraitheoir tógála chun an chéad céim den fhorbairt seo a chur i gcrích faoi réir an phacáiste iomlán maoinithe a bhí ceadaithe.

Tá iarratas déanta ag Údarás na Gaeltachta le déanaí, faoin gCiste um Athghinúint Forbartha Tuaithe (RRDF), chun tabhairt faoin Chéim a dó den fhorbairt seo. Tuigtear dom ón Údarás gur iarratas ar mhaoiniú de thart ar €3.2m atá i gceist.

Top
Share