Skip to main content
Normal View

Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 February 2024

Thursday, 15 February 2024

Questions (4)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar léigh sí moltaí Shinn Féin faoi conas cothromaíocht inscne agus rannpháirtíocht leathan a chinntiú trí thoghcháin Údarás na Gaeltachta inár gcáipéis Dínit, Dea-Chleachtas, Daonlathas don Ghaeltacht; an dóigh léi go réiteodh an córas molta sa cháipéis sin na fadhbanna atá le sárú roimh thoghcháin a thabhairt ar ais; agus an mbeidh reachtaíocht réidh in am leis na toghcháin gheallta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mbliana; and if she will make a statement on the matter. [7350/24]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Baineann an cheist seo leis an toghchán don údarás atá le teacht agus tá réiteach ag Sinn Féin ar an gcothromas inscne atá ag cur bac, de réir an Aire Stáit, ar an reachtaíocht a bheith foilsithe chun go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ann arís. D'fhoilsigh muidne ceann de na réitigh nuair a rinneamar foilsiú ar an doiciméad Dínit, Dea-Chleachtas, Daonlathas don Ghaeltacht, agus fiafraím den Aire ar fhéach sí ar an doiciméad sin?

: Faoi réir chinneadh an Rialtais ag deireadh 2022, aontaíodh gur próiseas toghcháin agus roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin agus roghnúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair mar a bhaineann sé leis an gcaoi a cheaptar Bord Údarás na Gaeltachta.

Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 atá á bheartú chuige sin, is bord de 16 duine in áit 12 duine a bheadh ann nuair atá saolré an chéad bhord eile caite ag deireadh 2024. Faoin reachtaíocht leasaithe, in áit seachtar a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann, mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, thoghfaí deichniúr thar ceann na gceantar Gaeltachta agus cheapfaí an seisear eile de thoradh comórtas poiblí. Ar nós mar atá i bhfeidhm faoi láthair, is í nó é an tAire a cheapfadh cathaoirleach an bhoird. Tá obair leanúnach ag dul ar aghaidh ar an togra reachtaíochta seo agus tá ceannteidil agus scéim ghinearálta nua ina leith á n-ullmhú le cur os comhair an Rialtais le faobhadh go gairid.

Is ceist rí-thábhachtach í an comhionannas inscne domsa mar Aire agus caithfear gach uile iarracht a dhéanamh chun comhionannas inscne a bhaint amach ar gach bord Stáit. Tá mé eolach ar an gcáipéis a luann an Teachta agus is ar na comhthéacsanna sin a d'iarr mé go sonrach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge scrúdú a dhéanamh ar bhearta féideartha chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin agus toghcháin nua-bheartaithe, i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar bhord Stáit.

Tá moltaí curtha faoi mo bhráid ag an gcomhchoiste ina thuairisc réamhreachtach ar an mBille a foilsíodh i mí Iúil seo caite. Tá na moltaí sin á mbreithniú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá an obair a bhaineann leis an mBille fós ag dul ar aghaidh d'fhonn na toghcháin a reáchtáil i Meitheamh 2024. Láidreoidh an reachtaíocht seo an nasc idir an pobal agus Údarás na Gaeltachta agus tabharfaidh sé glór láidir do mhuintir na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus as a hadmháil go bhfuil na dréachtóirí sa Roinn agus in áiteanna eile ag díriú isteach ar an gceist seo mar tá éadóchas ag teacht ar dhaoine an mbeidh an toghchán seo i mí Meithimh i mbliana toisc nach bhfuil an reachtaíocht os comhair na Dála go fóill. Níl a fhios agam cad iad na hathruithe móra atá i gceist. Luaigh an tAire Stáit nach raibh sé sásta go mbeadh an dáta sin ann i mbliana agus, ansin, an tseachtain seo caite, dúirt sé liom sa choiste go mbeadh sé ar siúl, go raibh sé dóchasach go mbeadh an dáta seo ann i mbliana agus go mbeadh an toghchán don údarás ar siúl ag an am céanna is a bheidh na toghcháin Eorpacha. Cad é an dáta deiridh a shíleann an tAire a bheidh i gceist sula mbeidh an reachtaíocht foilsithe agus curtha faoi bhráid na Dála, ionas gur féidir linn a dhéanamh cinnte de go mbeidh an toghchán ann mar tá iarrthóirí agus daoine áitiúla ag iarraidh go mbeadh an cinneadh seo déanta anois?

Mar a dúirt mé, tá an obair a bhaineann leis an mBille ag dul ar aghaidh fós chun an toghchán a reáchtáil i Meitheamh 2024. Táim ag díriú fós ar thoghchán a bheith againn ar an lá céanna a bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl i mbliana. Tugann an toghchán deis don phobal sa cheantar Gaeltachta ionadaithe a roghnú don bhord. Láidreoidh an próiseas seo an nasc idir an pobal agus Údarás na Gaeltachta agus tá sé fíorthábhachtach domsa agus do mo Roinn go mbeidh glór láidir ag muintir na Gaeltachta, agus is í seo bealach chun é sin a dhéanamh. Díreach mar gheall ar an gceist a chuir Teachta Ó Snodaigh orm maidir le foilsiú an Bhille, sílim go mbeidh sé sin ag tarlú ag tús mhí Aibreáin.

Gabhaim buíochas arís leis an Aire as a freagra. Cuireann sé sin muid ar fad faoi bhrú chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh an reachtaíocht seo rite trí Thithe an Oireachtais chun deis a thabhairt d'iarrthóirí agus a leithéid, agus an pobal, tuiscint a bheith acu ar an toghchán nua. Tá súil agam nuair a socrófar an reachtaíocht sin go dtabharfaidh sé aird ar an méid atá sa doiciméad seo agus, chomh maith leis sin, ar na moltaí a bhí ag an gcoiste Dála, ní hamháin chun déileáil le ceist na hinscne sa tslí atá sa doiciméad ó Shinn Féin ach chun déileáil leis an gceist maidir le hionadaíocht chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil ionadaíocht ann ó gach uile cheantar Gaeltachta, áit nach mbeadh ann sa bhealach a bhí leagtha amach ag na ceannteidil sa reachtaíocht a foilsíodh go dtí seo.

Táimid ag rá chomh maith go mbeadh níos mó cumhachtaí ag teastáil don údarás amach anseo ach is é sin ceist eile nach ndearnadh plé i gceart air sa choiste toisc go rabhamar ag déileáil go díreach leis an toghchán. Tá gá le breis tacaíochta don údarás amach anseo.

Mar a dúirt mé, tá an obair ar siúl ag mo Roinn agus bunófar coistí réigiúnacha a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí an bhoird. Beidh sé mar chúram ag coistí réigiúnacha comhairle a chur ar an mbord maidir le saincheisteanna a bheidh ag déanamh scime do phobal na Gaeltachta.

Top
Share