Skip to main content
Normal View

An Clár Caipitil Spóirt

Dáil Éireann Debate, Thursday - 22 February 2024

Thursday, 22 February 2024

Questions (161)

Éamon Ó Cuív

Question:

161. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a fhogrófar na deontais faoi na scéimeanna deontais do threallamh spóirt agus do saoráidí spóirt bunaithe ar iarrratais a rinne an bhliain seo caite faoin scéim "Sports Capital Grants"; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8504/24]

View answer

Written answers

Cuirtear maoiniú caipitil don spórt ar fáil tríd an gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (CCTS) agus tríd an gCiste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála (CISM).

Is é an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt an príomhbhealach ina gcuirtear cúnamh Rialtais ar fáil maidir le háiseanna spóirt agus caitheamh aimsire a fhorbairt agus trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. Tá leas bainte ag níos mó ná 13,000 tionscadal as maoiniú caipitil spóirt ón bhliain 1998 i leith a fhágann gurb ionann na leithdháiltí iomlán san am sin agus níos mó ná €1.15 billiún. Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais leanúint leis an gClár agus tús áite a thabhairt d’infheistíocht i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Dhún an bhabhta is deireanaí den CCTS le haghaidh iarratas ar Dé hAoine 8 Meán Fómhair, 2023. Taispeántar i réamhbhreithniú ar na hiarratais a cuireadh isteach go bhfuil líon an-mhór iarratas arís curtha isteach ar an gClár. Tá líon iomlán na hiarratais a fuarthas (3,210) níos mó ná an líon a fuarthas faoin bhabhta deireanach in 2020, arbh é sin an líon is mó a fuarthas in aon bhabhta amháin go dtí sin.

Tá “Córas Scórála agus Lámhleabhar Measúnaithe” tugtha chun críche agus foilsithe chomh maith le liosta de gach iarratas a fuarthas de réir an chontae, leis an gcineál spóirt ábhartha do gach iarratas a fuarthas san áireamh. Tá tús curtha leis an obair mheasúnaithe mhionsonraithe agus tá sé beartaithe go ndéanfar measúnú ar iarratais “trealaimh-amháin” ar dtús agus go bhfógrófar na deontais seo sna míonna romhainn. Cuirfear tús le hobair ar na hiarratais chaipitil a mheasúnú ansin, agus is dócha go bhfógrófar na leithdháiltí níos déanaí.

Top
Share