Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge thar lear ar bhealaí éagsúla:
1. Maoiniú don Choimisiún Fulbright do mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe ó 2006 i leith;
2. Maoiniú d’Fhondúireacht Ollscoile Éire-Ceanada (ICUF) do mhúineadh na Gaeilge i gCeanada ó 2009 i leith; agus,
3. Maoiniú do roinnt ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus ar an mór-roinn faoin gCiste Tríú Leibhéal Thar Lear ó 2006 i leith.
Leagtar amach sa tábla thíos na figiúirí is deireanaí don bhliain acadúil 2023/2024 maidir le mic léinn atá ag foghlaim na Gaeilge agus múinteoirí atá ag teagasc na Gaeilge thar lear faoi na sruthanna maoinithe seo.
Ollscoil/Eagraíocht
|
Tír
|
Líon na mac léinn cláraithe 2022/2023
|
Teagascóirí Gaeilge
|
ICUF
- Coláiste Naomh Micheál, Ollscoil Toronto, Ontario
- Ollscoil Naomh Muire, Halifax, Albain Nua
- Ollscoil St Thomas, Fredericton, New Brunswick
- Memorial University Talamh an Éisc
- Ollscoil Ottawa, Ontario
- Ollscoil Alberta
|
Ceanada
|
582
|
6
|
Coimisiún Fulbright
- Ollscoil Lehman
- Ollscoil Nua-Eabhrac
- Ollscoil Montana
- Ollscoil Wisconsin
- Ollscoil St Thomas
- Ollscoil Connecticut
- Ollscoil Villanova
- Ollscoil Notre Dame
|
Stáit Aontaithe Mheiriceá
|
856
|
10
|
Ollscoil Aberystwyth
|
An Bhreatain Bheag
|
49
|
1
|
Ollscoil Adam Mickiewicz
|
An Pholainn
|
44
|
1
|
Ollscoil Brest
|
An Fhrainc
|
81
|
1
|
Ollscoil Caerdydd
|
An Bhreatain Bheag
|
10
|
1
|
Ollscoil Cambridge
|
Sasana
|
36
|
1
|
Ollscoil Charles, Prág
|
An tSeicia
|
130
|
1
|
Coláiste na nGael, Paras
|
An Fhrainc
|
60
|
1
|
Ollscoil Dortmund
|
An Ghearmáin
|
47
|
1
|
Ollscoil Freiburg
|
An Ghearmáin
|
31
|
1
|
Ollscoil Leipzig
|
An Ghearmáin
|
91
|
1
|
Ollscoil Learphoill (Learpholl)
|
Sasana
|
142
|
1
|
Ollscoil Learpholl (Londain)
|
Sasana
|
157
|
1
|
Ollscoil Manheim
|
An Ghearmáin
|
15
|
1
|
Ollscoil Marburg
|
An Ghearmáin
|
7
|
1
|
Ollscoil Martin Luther, Halle
|
An Ghearmáin
|
43
|
1
|
Ollscoil Matej Bel
|
An tSlóvaic
|
54
|
1
|
Ollscoil Rennes
|
An Fhrainc
|
122
|
1
|
Ollscoil Ruhr Bochum
|
An Ghearmáin
|
62
|
1
|
Ollscoil SKSK
|
An tSlóvaic
|
90
|
1
|
Ollscoil Uppsala
|
An tSualainn
|
41
|
1
|
Ollscoil Vín
|
An Ostair
|
115
|
2
|
Iomlán
|
|
2,865
|
38
|
Tá Coimisiún Fulbright agus ICUF araon ag obair chun a gcláir Ghaeilge a leathnú amach chuig ollscoileanna eile agus tá an Roinn i dteagmháil go díreach le hollscoileanna eile san Eoraip chun cláir Ghaeilge nua a chruthú in ollscoileanna eile. Léiríonn aiseolas ó ICUF, Fulbright agus ó na hollscoileanna eile thuasluaite chomh maith le líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar na cúrsaí seo go bhfuil éileamh ard ar an teanga a fhoghlaim thar lear agus tá rún daingean ag an Roinn cur leis na deiseanna atá ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim thar lear, dá bharr.