Skip to main content
Normal View

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2024

Tuesday, 27 February 2024

Questions (51)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

51. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Taoisigh cé líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ar cainteoirí iad atá idir 3 bliana agus 4 bliana d’aois de réir Daonáireamh 2022. [9043/24]

View answer

Written answers

I nDaonáireamh 2022, cuireadh na roghanna seo a leanas ar fáil do fhreagróirí a thug le fios i gCeist 13 gur labhair siad Gaeilge le chomh minic is a labhair siad Gaeilge a chur in iúl.

1

Go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais

2

Go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais

3

Go seachtainiúil

4

Ní chomh minic sin

5

Ní labhraím riamh í

Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil seans ann freisin gur labhair daoine i gcatagóirí 2 go 5 Gaeilge laistigh den chóras oideachais.

Léirítear sa tábla thíos daoine atá 3 nó 4 bliana d’aois i gCeantair Ghaeltachta a chuir in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt tráth an daonáirimh.

-

Daoine atá 3 nó 4 bliana d’aois i gceantair Ghaeltachta de réir chomh minic is a labhraítear Gaeilge (uimhir), 2022

An líon daoine ar fad a chuir in iúl gur labhair siad Gaeilge

1,052

An líon daoine a labhraíonn Gaeilge taobh istigh den chóras oideachais amháin

513

An líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil

387

An líon daoine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil

72

An líon daoine nach labhraíonn Gaeilge chomh minic sin

52

An líon daoine nach labhraíonn Gaeilge riamh taobh amuigh den chóras oideachais amháin

1

Níl luaite

27

Top
Share