Éamon Ó Cuív
Question:662. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail ar aontaigh a Roinn le leasú ar thearmaí an chonartha lastais chuig Inis Meáin atá á rith ag comhlucht (sonraí tugtha) faoi chonradh leis an Roinn nach mbeidh an comhlucht sin sásta níos mo baireallaí folamha a thabhairt ó Inis Meáin go dtí an mór-thír agus baireallaí lán d'ola a thbhairt ar ais chuig Inis Meáin; má d'aontaigh a Roinn cén fáth nach ndeachaigh siad i gcomhairle leis an bpobal faoin gceist roimh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8890/24]
View answer