Skip to main content
Normal View

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 March 2024

Tuesday, 5 March 2024

Questions (291)

Éamon Ó Cuív

Question:

291. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratais le haghaidh síneadh a chur le scoil i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha) ag tógail san áireamh an gá atá ann go gcuirfear an síneadh seo leis an scoil le go mbeidh spás féiliúnach ar fáil do na daltaí agus an fhoireann i gcoitinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10127/24]

View answer

Written answers

Is é príomhfhócas acmhainní mo Roinne le deich mbliana anuas agus don tréimhse atá le teacht ná spás ríthábhachtach breise a sholáthar chun freastal ar dhéimeagrafaic mhéadaitheacha.

 

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil iarratas faighte ag an Roinn, faoin scéim um Chóiríocht Scoile Bhreise, ón scoil thuasluaite. Is é cuspóir na scéime um Chóiríocht Scoile Bhreise ná a chinntiú go bhfuil cóiríocht ranga príomhshrutha agus oideachas speisialta riachtanach ar fáil chun freastal ar dhaltaí a chláraítear gach bliain agus nuair nach féidir an riachtanas a shásamh trí chóiríocht na scoile mar atá faoi láthair nó trí scoileanna eile sa cheantar.

 

Tá breithniú ar na riachtanais chóiríochta don scoil atá i gceist mar chuid de mheasúnú foriomlán an Aonaid Pleanála agus Foirgníochta ar a chlár oibre agus a thosaíochtaí i gcomhthéacs an mhaoinithe caipitil atá ar fáil. Tá soláthar áiteanna scoile riachtanacha, lena n-áirítear áiteanna do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, mar thosaíocht ag mo Roinn. Tá m’oifigigh ag obair lena chinntiú go bhfuil dóthain soláthair ann chun freastal ar na riachtanais d’áiteanna scoile sa scoil atá i gceist agus sa limistéar níos leithne do 2024/25 agus do bhlianta amach anseo.

 

I gcomhthéacs na húsáide is éifeachtaí a bhaint as ár leithdháileadh caipitil, agus aird ar spriocanna gníomhaíochta aeráide, táimid ag obair lena chinntiú go bhfuil uas-úsáid á baint as gach acmhainn chóiríochta scoile. Táimid ag breathnú ar an mbealach is fearr inar féidir cóiríocht gach scoile ar leith a úsáid agus a líonadh ar fud na scoileanna i ngach limistéar pleanála scoile.

 

Tá an t-iarratas seo á mheas faoi láthair. Nuair a dhéantar cinneadh deiridh cuirfidh mo Roinn é sin in iúl do na húdaráis scoile.

Top
Share