Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist le Colmcille ar mhaithe le Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn.
Ag éirí as cinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i Samhain 2014, is é Foras na Gaeilge atá freagrach as an tionscadal ar oileán na hÉireann, le Bòrd na Gàidhlig freagrach as in Albain.
Faoin tionscadal seo, díríonn comhghrúpa oibre idir-áisíneachta Cholmcille ar thionscadail straitéiseacha agus tionscnaimh chomhoibrithe eile, mar aon le dea-chleachtas a roinnt agus naisc inbhuanaithe a chruthú sa phobal ar oileán na hÉireann agus in Alban.
Tá an tionscadal á chómhaoiniú ar bhonn 50% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 50% ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann. Tá maoiniú €118,519 in aghaidh na bliana á chur ar fáil ag mo Roinn don tionscadal ó 2016 i leith.