Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 March 2024

Tuesday, 5 March 2024

Questions (515)

Éamon Ó Cuív

Question:

515. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth a raibh fadhb leis na bacáin ag carrchlós na n-oileánach ag Calaphort Ros an Mhíl ag an deireadh seachtaine, rud a chiallaigh nach raibh oileánaigh in ann a gcarranna a fháil isteach ná amach; cén fáth nach raibh duine ar fáil leis na bacáin a ardú nuair a theip ar an gcóras uathoibríoch; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10126/24]

View answer

Written answers

Is oth le mo Roinn má chuir teip na bacainne isteach ar dhuine ar bith le linn an deireadh seachtaine. Tá an Roinn ag déanamh athbhreithniú ar an eachtra agus chuir siad in iúl dom gur mhair sé achar gearr. Is ceist oibríochtúil í seo agus tá sí á hiniúchadh leis an soláthróir bacainne. D’iarr mé ar mo Roinn teachtaireacht nuashonraithe a ullmhú ionas gur féidir le húsáideoirí an charrchlóis a bheith cinnte go bhfuil an córas ag feidhmiú agus cén chaoi chun cás ar bith a chur ina cheart go tapa.

Top
Share